School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0281
  3. XML “An tOileán Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    VII
    Nó arb shiúd e Tír na mBeó
    Bhí gan pian gan bás gan dólás -
    Nár facthas sneachta mór ann
    Ná sioc ariamh san oidhche -
    'Mbíodh a' mhil ar uachtar beóir
    'S gach éan dár dheise ag déanamh
    ceól ann
    'S gach pabhsae b'áilne cóta
    D'ár fhás trí thalamh 'níos?
    VIII
    Nó arb shiúd é Tír na mBuadh
    'S na nGaiscidheach cruaidh nach
    ngéilleadh
    'S nár loic ariamh uaidh an t-é sin
    I gcath ná i ngairm gliadh,
    'S nár briseadh ar a rannaí
    An lá chruinnighdís le chéile
    'S a mbíodh buaidhte ag sgiath gach
    aoin fhear
    Tráth mbíodh an ghrian 'gabháil faoi?
    IX
    Nó arb shiúd é an t-oileán Muighe
    Meall
    Ar fuadaigheadh Connla tréan ann
    'S nár fhill ar ais go h-Éirinn
    Arís go deó 'na dhiaidh,
    'S a chaith sluaighte Teamhrach
    téarma
    Ghá thóraidheacht ins na régúin
    'S nár fhill i dteannta chéile
    Lá bhí deireadh leis an bhfiadhach?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seósamh Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    27
    Address
    Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe