Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0406
  3. XML “Ridire na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Anois" adeir sí, "léim suas ar mo dhruim" agus d'imthigh léithi nó go raibh sí ag teacht suas leis an gcuid eile. "Anois" adeir sí "leig ort go bhfuil cumhachta móra agat agus beidh mise mo charaid mhaith agat."
    Bhuail sé isteach go dtí an ridire tráthnóna agus chuir sé fáilte roimhe. An bhfuil sé i bhfad ó d'fhágaigh tú an baile,
    "Ar maidin indiu," arsa seisean.
    "Ní bhíonn aon ceó le n-ithe sa gcúirt seo acht uair ins an t-seachtmhain agus bhí sé sin againn ar maidin indiu."
    "Is tig liom-sa trosgadh ar feadh míosa dá mbeadh crudhóg orm," arsa an feilméara, agus a phutóga thiar ar a dhruim le teán ocrais an t-am céadhna.
    "An ag iarraidh do mhac a tháinig tú?" arsa an ridire. "Gheobhfaidh tú sin má dhéanann tú trí nidh a dhéarfas mise leat. Siubhail uait liom-sa go spáinfidh mé do leabaidh codladhta dhuit." Tháinig sé go dtí crann mór, "Codhlochaidh tú ins an ngabhloig sin thuas go maidin," ars' an ridire.
    Chuaidh an feilméar suas ins an gcrann. Nuair a bhí píosa de'n oidhche ann tháinig inghin an ridire agus thug sí biadh dhó thug sí isteach ina seomra féin é agus chuir sí cuma mhaith codladhta air agus bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Seosamh Ó Cúláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe