Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imtheacht leat," adeir Páidín bocht, támáilte go leor. D'fhág sé slán ag a bhean agus ag a ghaolta.
Bhíodar ag imtheacht leó nó gur casadh go dtí teach ósta iad. "Muise," adeir Páidín, "níl aon uair dhá dtéighim an bealach seo nar mhaith liom deoch ól annseo."
"Féadfa tú deoch ól," ar seisean.
"Nach bhfuil mé go dona agus gan aon phighinn agam?"
"Níl aon neart air," adeir an d-l.
"Ach," adeir Páidín, "déan sgilling dhíot féin agus beidh deoch agam."
"Tá go maith," adeir an d-l. Rinne sé sgilling dhó féin agus nuair a rinne cuir Páidín síos sa sparán é. Isteach leis annsin agus d'iarr deoch ar fhear an t-siopa. Thug fear an t-siopa pionnta dhó. D'iarr P. deoch agus deoch eile agus faoi dheireadh fuair fear an t-siopa caidéis dhó - cé'n fáth raibh sé ag ól nó céard a bhí san sparán aige. Dubht. Páidín gurbh é an d-l do bhí ann. "Má's é muis" adeir an fear "níl mé dot' iarraidh féin ná é féin níos fuide."
"Tá go maith" arsa P. ag imtheacht leis agus ag crochadh a mála air agus an sparán thios ann.
Bhí P. ag imtheacht leis nó gur casadh isteach go dtí muillneóirí é agus d'fhiafruigh sé díobh an meillfeadh siad a mhála agus gach a raibh thíos ann. "M'anam go meilfidh," adeir na muilneóirí. Thosaigh siad ag meilt agus thosaigh an d-l ag sgreadach agus ag iarraidh é leigint chun bealaigh. Leig Páidín as an muileann é agus bhuail sa mála é agus chroch(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe