Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí Rí i n-Albain agus thagadh go leór daoiní uaisle ar cuairt chuige agus ba buachaill a bhíodh mar chócaire aige agus nuair a bhíodh an dinnéar réidhtighthe i gcomhnaidhe thagadh giorrfhiadh treasna ar an mbord agus chuireadh sé chuile shórt trí na céile. Bhíodh an-fhearg ar an Rí mar gheall air. Lá amháin dubhairt sé leis an ngiolla é a leannacht leis an Each Bháin agus pé ar bith áit a mbeadh sé sias leis é a thabhairt chuige agus go mbeadh an-bhuidheach dhó. D'imthigh leis an ngiolla agus stad ná comhnaidhe ní dhearna sé nó gur shroich sé geata san domhan thiar. Agus nuair bhí an giorrfiadh ag dul treasna tríd an ngeata ní dhearna sé ach breith ar a dhá chois deiridh agus a cloigeann a bhualadh faoi'n mballa agus é a thabhairt ar ais go dtí Rí alabann.
Thárla go bhfaca sé bean bhreagh áluinn san Domhan Thiar agus ins an am céadhna chonnaic sé éan ag imtheacht ins an aer agus solas i n-a ghob aige.
Fuair sé caidéis den t-solas a bhí i ngab an éin. Ach dubhairt an Each Bhán leis ribe a bhainte as muing agus a chur timcheall faoi na h-ucht. Rinne sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 25
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe