Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0449
- XML “An Fear a Ghoid an Cochall ón Mhaighdean Mhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé lá amháin ag iasgach agus chonnaic sé Maighdean-mhara ag teacht aníos as an uisge agus gan cochall ar bith uirthi. Bhreathnuigh sé isteach ar an dúirling agus chonnaic sé an cochall agus é leagtha ar chloich ann. Isteach leis agus d'árduigh sé leis an cochall uaithi. Nuair a chonnaic sí ag imtheacht é agus an cochall aige d'iarr sí air é a thabhairt di ach ní thiubharfadh. Lean sí abhaile annsin é ach ní thiubharfadh sé di an cochall. D'fhan sí sa teach annsin aige agus ní raibh sí ag labhairt focal ar bith leis.
Aon lá amháin nuair a bhí an fear ag tuigheadóireacht chuir sé an cochall i bfolach sa díon. D'fhan sí sa teach annsin aige ar feadh seacht mbliadhna gan focal a labhairt ach i gcómhnaidhe i gcómhnaidhe ag iarraidh an chochaill air. Faoi cheann seacht mbliadhna tháinig bean isteach ar cuairt aige agus bhí an fear seo ag ithe a bhéile roimpi agus thainig sé cuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Tuairisg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuairisg
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe