Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0146
- XML “An Líon”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mín le pláta. Nuair a bheadh sé sin déanta aca thiubhradh siad go dtí bean é a mbeadh túirne lín aice. Nuair a bhead sí sin réidh leis thiubhradh siad go dtí an figheadóir é agus dhéanfhadh sé sin bráithlín nó pluid dhó agus annsin bheadh sé i n-am tosuighe dhá chur aríst.
Na daoine a mbíodh túirne lín acu:- Caitlín Maoileóin agus Bríghid Mhaitiais. As an gCloch-Mhóir iad sin. Níor chualas go raibh aon túirne lín ar an gCaorán.
'Sé an sórt slis a bhíodh acu slis mar atá acu anois ach go mbiodh barr géar uirthe ar nós sgine. Na déasracha a bhíodh ar an lion dhéanfhadh siad barach dhó. Tlú gairimide tlú ar nós tlú mar atá acu anois ach go mbíodh teangadh ann.- Bailitheoir
- Séamus Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile an tSléibhe, Co. na Gaillimhe