Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an coileach agus cearcín a' tiuc-tiuc ag cartadh i leath taoubh an bhothair. Chaith duine éigin cloch leo agus buaileadh ar an gcoileach í. "Ó,' ars an coileach leis an gcearcín, "tá sé 'na chogadh dearg."
-Cé aige a chuala tú é? adeir an chearcín
-Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá súil a chonnaic é, i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith againn imtheacht go tír eile mar sin, arsa' an cheaircín
-Tá go maith, mar sin, ars an coileach.
D'imthigheadar leó gur caradhgé dhóibh.
-Cá bhfuil sibh ag dul? ars an ghé
-Mo dhá cluais a chuala é, mo dhá shúil a chonnaic é i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh chloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith agam-sa, mar sin, a dhul in éinfheacht libh ars an ghé
-Déanfaidh sin, ars an coileach, agus d'imthigheadar leo gur caradh lacha dhóibh.
-Cá bhfuil sibh a' dul? adeir an lacha.
-Ó tá sé 'na chogadh dearg, adeir an coileach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muintir Coisdealbha
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe