Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0155
- XML “Daoine Cáiliúla san Áit seo agus Eachtraí a Bhaineas leo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha duine a thuill clú agus cáil i mo cheanntar acht seo iad na daoine ba láidre abhí sa gceanntair. Maitias De Búrca a fuair an chéad duais ag caitheamh an uird agus Páidín Rúaidí an dara duine agus Tom Aindí an tríomhadh fear.
Bhí an comórtas ar siúbhal ag na "Coast Guards". Leath-chéad meádacain abhí aca dhá caitheamh. Bhíodh airgead curtha mar gheáll. Bhíodh cúpla céad duine ag breatnú ortha Sin é an uair a deineadh céibh ceánn an bhóthair. Maitias De Búrca agus Páidín Rúaidí bhí siad mar mháirnéalaig ar longa Shasana agus nuair a tháinig siad abhaile bhí siad i ndon an uird agus clocha trom a chaitheamh chuiridís 15 slata nó 14 slata iad acht ní raibh Tom Aindí chomh maith leó mar níor fhág sé an baile ariamh. B'sin iad na fir ba láidre bhí san áit ar fad. Bhí gach duine aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe