Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-Céaige chuala tú é? ars an lacha
-Mo dhá chlúais a chuala é, mo dhá shúil a chonnaic é i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith agamsa dul in éinfheacht libh, adeir a' lacha
-Déanfaidh sin, ars an coileach, agus ar aghaidh leó nó gur casadh sionnach dóibh
-Cá bhfuil sibh a' dul?, adeir a' sionnach?
-Ó, tá sé 'na chogadh dearg ars an coileach.
-Cé aige chuala tú é? ars an sionnach.
-Mo dhá cluais a chuala é mo dhá shúil a chonnaic é srl. agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith agam-sa dul in éinfheacht libh, adeir an sionnach -Déanfaidh sin, adeir an coileach. D'imthigheadar leo go dtáinic an oidhche ortha. Isteach leó, i bpúirtín beag agus chuireadar síos teine. D'itheadar a mbéilege ach ní raibh an sionnach sáthach fós.
-Cuireadh muid ar dtóin leis an teine, adeir an sionnach, sa gcaoi go mbeidh 'fhios againn an chéad duine phléasgfas.
Chuir siad a dtóin leis a'' teinidh agus pléasg a' lacha.
D'ith an sionnach an lacha. Chuir siad a dtóin leis a' teine arís agus nuair nár eirigh an timpiste d'aon cheann acu bhain an sionnach pioc beag ar tóin na gé agus [?] sí. D'ith an sionnach arís an gé.
-Níl ann anois ach muid féin, ars an sionnach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muintir Coisdealbha
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe