Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séamus Bolstrom, Baile na hAbhann do sgríobh síos ó bhéal a athar. Séamus Bolustrom (60 bl d'aois.) Bhí buachaill ann fadó agus dubht. sé leis féin go rachadh sé ag saothrú. D'imthigh leis agus casadh isteach i dteach é a raibh fear agus bean ann. D'fhiafruigh sé de'n fhear a mbeadh aon bhuachaill ag teastáil uaidh. "Beadh" adeir an fear, "acht an buachaill aimsire a bhéas agam-sa caithfe sé chuile obair iarrfas mise air a bheith déanta aige in uair a chluig."
"Tá go maith" adeir mo dhuine, "beidh chuile shórt déanta agam-sa dhuit in uair a chluig." Bí go maith. Dubhairt an máistir leis an lá seo dul amach agus an coirce bhí amuigh sa gcró a bhualadh. Chuaidh an fear amach agus thoraigh air agus bhí an coirce buailte aige sul bhí an uair caithte. Tháinig sé isteach agus d'fhiafruigh an máistir de an raibh sé buailte aige. "Tá," adeir sé.
Níor thaithnigh sin leis an máistear, mar mara mbeadh sé buailte aige bhfeadh sé an ceann de'n bhuachaill agus sin a bhí uaidh. Chuaidh an máistir go dtí sean-fhear ag iarraidh feara le haghaidh an fear oibre seo a chur chun báis. "Abair leis,' adeir an sean-fhear, "a dhul go h-Ifreann agus do dhriotháir-sa a thabhairt chugat abhaile as" Ar maidin lá'r na bhárach dubht. an Máistir leis a dhul go h-Ifreann agus driotháir leis a bhí ann a thabht. as. Cé'n chaoi a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe