Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 108
- XML “Caolfhód an Lócháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I mBladhain a' Ghorta Dhuibh, sa mbladain 1847 do mhair fear, le na mhnaoi agus le na chomhluadar i gCreig, Uachtarárd, Co. na Gaillimhe. Tomás Breathnach a b'ainm dó. Ní raibh de mhaoin an t-saoghail seo aige acht aon chapall amháin agus gabhaltas talmhan.I Mí na Márta bhí na comhursana cruadhogach in a gcuid oibre i gcoir obair an Earraigh leis an cruithneacht do cur. Rinne Tomás a chuid talmhan do threabhadh freisin cé nach raibh aon chruithneacht aige le na cur. Bheadh cruitheacht le fáil aige ó na comharsanaibh dá n-iarrfadh sé é, acht níor íarr sé ortha é mar bhí a fhios aige nach raibh aon airgead aige le n 'ioc.Nuair a bhí an ithir treabhtha ag na comhursana rinneadar cathadh ar an gcruithneacht amuigh i bpaírc. Bhí carnán mór den lócain fágtha, agus d'eirigh Toma roimh an lá an lá ar na bhárach agus líon sé mala leis an lóchán. Thug sé é go dtí an gort, chraith sé an lochán ann agus rinne sé an gort do threabhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)