Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 215
- XML “Paidín Piobaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh piobaire ag teasdil na h-áite seo fadó a b'ainm do Paidín Piobaire. Fear deas cneasta a bhí ann agus ní raibh a sarú le fáil maidir le ceol. Piobaire a bhí in a athair agus d'fhogluim sé ceard an cheoil don mhac. Acht ní raibh ag eirge leis go maith - ní raibh luighe leis an mac og leis an gceol - ní headh nach mbiodh sé ag deunam a sheacht dhiceall leis an ceol, d'fhoghuim acht bhí sé rí deacair air theaht isteach ar an gceol a bheag nu a mhór. Cailleadh an t-athair nuair a bhí Paidin in-a stócach nu in a ghearr bhodach ba ceart dom a radh agus sé an t-aon rud amhain a bhiodh ag dul idir an th-athair agus a shuaimneas nach mbeadh an mac i riocht a áit fein a thógail mar piobaire maith nuair a bheadh sé fein caillte.Pe scéul é cailleadh an t-athair agus ní raibh de clonn ag a mháthair acht Paidin amháin. Lean sé leis an gceol cé nach raibh Paidir acht go reasúnta maith ní raibh sé ro olc mar piobaire.(leanann ar an chéad leathanach eile)