Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Taoiseach do na Flaithbeartagih i gCaisleán Achadh na nIubhar fadó agus rinne sé dlighe, agus chuir sé an rial sin i bhfeidhm go gcaithfeadh chuile bhean óg san áit a bheadh a dul a pósadh theacht ag an gCaislean (Caisleán Achadh na nIubhar) agus fanacht leis ann ar feadh na h-oidhche sul a mbeadh sí dul a pósadh.Bhí cailin óg do Mhuinntir Laighidh le bheith pósta agus thainic an oidhche roimh an posadh, an oidhche go gcaifeadh sí dul ag an gCaisleán. Níor mhaith leí dul ann agus agus bhí faitchíos ar a muinntir gan í cur ann. Acht bhí driatháir óg aici agus dubhairt sé go racadh sé féin ann in a h-áit. Ghleas sé é feín suas i n-eadach mná agus leasg sé leis le tuitim na h-oidhche i mbad beag ar an Abhann Druimnín a ritheas thar agus faoi an caislean. Bhí sé dorca nuair a shrois sé an Caislean agus leigeadh isteach é. D'eirigh leis an Taoiseach a marbhú an oidhche sin le miodach a bhí aige. Agus d'eirigh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)