Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí na Flaithbeartaigh i reím agus i gceannas i Mágh Seóla leis na ceadta bladhain sul ar thainic na Nórmánaigh go hÉirinn. Síneann Mágh mhin mheith Seóla o Baile Atha an Riogh, i gConndae na Gaillimhe o thuaidh go Sruth Fhola i gConndae Mhuigheo, ar an dtaoibh thoir do Loch Oirbsean. Is dócha ga raibh greim ecínte aca ar Chonamara an t-am sin féin.San triu aois déug thainic na Normánaig, na Burcaigh go Connachta. Chreac siad a raibh d'Eaglaisí i Mágh Seóla agus thogadar seilbh ar an ngiodhan sin talmhan. Is uime cath agus babhta troda a tugadh idir na Burcaigh agus na Flaithbeartaig. Sa deireadh chuir na Burcaigh ruaig ar na Flaithbeartaigh amach as Magh Seola siar treasna Locha Coirib go fiadhantas agus gaim Chonamara.I gConga na Naom is na Riogh a tugadh an cath deireannach idir na Flaithbeartaigh agus na Burcaigh. Bhí an lamh i n-uachtar ag na Burcaigh. Mharbhuigh siad an chuid is mo do na Flaitbheartaigh acht d'eirig leis an sean taoiseach agus briosgán(leanann ar an chéad leathanach eile)