Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 111
- XML “Muintir Laidhigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Muinntear Laighidh (na Laidhigh)Ó Conndae na Midhe a thainic an céud duine do Mhuinntear Laidhigh (na Laghaidh, na Laighidh - ó an bhfocal "liagh" - doctuir is docha). Fear óg a bhí ann, agus bhí sé 'na dhoctuir. Bhí Magh Seola ag na Fláthartaí an uair sin agus bhí reim aca freisin ar Iar Connacht na ar cuid di. Casadh an fear óg seo le Taoiseach na bhFlaithbeartach, a thug an taoiseach seo an fear óg leis go Caisleán Achadh na nIubhar (Uachtarárd). D'fhan an dochtuir i gCaisleán Achadh na nIubhar, agus d'oibrigh sé mar dochtuir ar feadh tamaill. Théis acair phos sé ingean an taoisigh, agus fuair sé leí mar spré talamh an Ghleanna.Tar eis leith bhladhain pósta dó, thainic triur driathair a mhná ar cuairt chuige san nGleann. Leigeadar ortha féin go raibh an-mheas agus cion acu air, acht bhí an feall ina gcroidhe aca do mar cheap siad go bhfuair sé an iomarca talmhan mar spré le na mhnaoi, a ndriofuira féin. Lá a raibh sé amuigh ag fiadhach mharbhuigh siad é go fealltach. Cuirfeadh siad a ndriofuir féin, bean Mhic an Laidhigh cun báis acht deirigh léi ealodh uatha agus stad na comhnuidhe ní ndearna sí gur bhain sí amach áit chomnuidte athar(leanann ar an chéad leathanach eile)