Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 237
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
- XML “Scéal - Spailpíní Chonamara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus isteach ar an talamh ar an taobh eile den bhotar agus annsin d'imthigh sé as amharc.
OLLPHEIST LOCHA COIRIBBhí ollpheist i Loch Coirib fadó acht mharbhuigh Reamonn an Úrlaigh é i Sean Reilg Cille Cuimín. Tá an sgeul seo ar laeteanach 18. - Bhí triur spailpín i gConamara fadó agus lá amhain shiubhal siad ó Chonamara ar a mbealach go Gaillimh ar iarraidh oibre.Nuair a thainic siad go hUachtarárd chuaidh siad isteach idteach ósta agus thosuigh siad ag ól. Nuair a bhí a sáith olta aca sheas an cheud fear suas agus dubhairt sé go n-íocfadh sé féin an t-ól. Rinne an darna fear an rud ceadhna, agus rinne an triú fear an cleas ceudna. Bhí sé in a rúile búile aca annsin agus bhí bean an tighe bonn os cionn aca. Dubhairt sí leo é chur ar crannaibh. Dubhairt an cheud fear go raibheadar sásta acht go mbfearr puicín a chur ar bhean an tighe agus go gcaitfeadh an fear go mbéarrad sise air an tól ioc. Bhí sí sásta. Cuireadh an puicín uirthi agus annsin d'imtíg(leanann ar an chéad leathanach eile)