Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 245
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sé de nós ag na sean daoinibh fanacht na suidhe Oidhche Nodlag (24.12) go deireannach go dtí an 12 a chlog ar aon nós le fáilte a chur roimh ár dTigearna Iosa Críost. Ní bhiodh an doras dunta, (da mba rud é go bhfeadfaidh é fhagailt fhoscailte) marach mbeadh stoirm ann. Bhiodh an Paidrin Pairteach raidhte timceall a dó dheug san oidhche. Bhiodh coinneal mór lasta i ngach bhfuinneóig. Bhiodh aol curtha ar na ballaí agus dath ar an adhmad. Bhiodh alluntas mór tugta do na beithí agus don chapall agus do na beithí agus do na caoraigh agus do na hasail go mór mhór. Bhiodh faisiún ag cuid do na daonaibh a dul ag an bportach le glac giuhaise a thabhairt abhaile sa gcaoi go mbeadh solas maith ar an teinidh. Níor mhaith le go leor do na daonaibh dul ar chuairt an oidhche sin, agus bhiodh fad curta leis an bPaidrín Pairteach ag tabhairt buidhcheas go Dia ar a dtug Sé doibh sa mbladhaina bhí thart beagnach agus ag suil le beannachtaí na bliadhna nuaidhe. Bhí faisiun ag na sean daonaibh rud ecínte im agus blathach agus leamhnacht agus feoil da mbeadh sé fairsng a thabhairt do dhaonaibh bochta.(leanann ar an chéad leathanach eile)