Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní morán eolais atá le fáil ag na daoinibh san áit seo faoi Aimsir na Géirleanamhna. Acht chualaidh mé an sceul seo leanas.
Idir Roscathail, Co. na Gaillimhe agus Uachtarárd, tuairm's leath bhealaigh idir an dá ait tá sean reilg Cill Rún. An Bheann Eidhneach a tugann na daoine air. Anois, in aice na Cille seo tá mar bheadh sean altóir ann, idir an Cill agus an Abhainn Drimnín. Tá an altoir le feiceál on mbóthar mór. Nil aon tuairisc nu aon chosamhlacht go raibh Cill nu Teach Pobal timceall air ríamh. Deireann na Sean Daoine go mbiodh an t-Aifreann leighte annsin amach faoi an speir í n-aimsir na nGearleanamhna. Tá dha bhulan i n-aice na h-aite seo freisin.Chualaidh mé gur marbhuigheadh Seán na Sagart i n-aice na h-áite seo. Sean O Maoldhomnaigh a b'ainm do, agus bhiodh sé ag deunamh feall ar na sagartaibh. Lá amhain lean fear do mhuinntear Laidhigh é. Nuair a chonnaic Seán go raibh an fear eile ag teacht in a dhiaidh, d'imthigh sé leis chomh luath agus do bhí in a chosaibh agus leim sé tar an abhainn (an Drimnín). Lean Mac Ui Laidhigh é, agus leim sé an abhainn freisin. Bhí an abhainn suas go dtí 25 troighthe ar leithead sa poinnte seo, agus nuair a chonnaic Seán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laidhigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe