Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá uamh talmhan sa bPolach, i Roscathail, Co. na Gaillimhe. Níl beal na huanach le fhail amach go h-easgaidh anois mar tá sgeacha agus driseacha fás ann go fluirseach. Chuala mé go mbiodh faitchios ar na daoinibh fado dul isteach san uain, nu dhul i n-aice leis an ait chor ar bith. Bhí beirt fear san ait agus chuadhadar isteach san uain uair. Cuireadh sgannradh ortha agus thainic siad amach go tobann as an uain. Thugadar comhairle do mhuinntir na h-áite gan aon cheist a cur ortha faoi an uain, agus gan a dul i n-aice leis, nu isteach inntí a bheag nu a mhór. Tá sé raidhte gur dhunadar suas beal na h-uanach in a dhiaidh sin. Níor innsigheadar ríamh ceard a chonnaic siad istigh ann.Tá uain eile, nu slugaire achairin beag uaithi. "Pollín an Phíobaire" a tugtar air. Deirtear go mbíodh piobaire sidhe le cloisteáil ag seinnm ceoil san uain seo fadó. Tá pól uisge i n-aice leis agus bhiodh an bhean sidhe le feiceal ann go minic fadó.Tá uain eile i nGarrdha na Groigh agus ceann eile i nGort na hUanach. Tá an ceann seo ag síneadh ó Ghort na hUanach go dtí Cor na Seilistrum, mile go leith ar fhaid.