Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá mbeadh tárrtháil ar bith ag sagart i gcleamhnas ní bheadh sé adhamhail nu rathamail. Ní bhiodh sé rathamail acht an oiread posadh a dheunamh ar an Luáin, ar an Aoine nu Dia Satharn na an Domhnach - ná i n-ám ar bith i mí na Bealtaine. Ní fhaca mé mathair an fhir na mathair na mná oige ag bainfeis aríamh - ní bhiodh sé adhamhail. An ceud duine den lanamhain a thagadh amach doras an tseipeil théis an posaidh sé an duine is lugha a gheobhfadh bás.Tá sé suas le dhá scór bladhain o bhí aon phosad ins na tighthibh san ait seo. Deantar an pósadh anois ins na nEaglaisí.Bhiodh "Rasaí" ag na bainfeisí tuairim is fiche bladhain ó shoin ón seipéal go dthí teach an fhir oig, theis an posaidh.Ní fhaca mé mná ar chuloig aríamh ar bhainfeisí acht uair amhaín, acht chonnaic mé mná ar chulog dul go Gaillimh agus dul ag an margadh. Biodh sort pillín aca taobh thiar den "Sugán Seic" (seip-nu tuighe) diallaid agus stíoropaí deanta as tuighe.Tá faisiún acha i gConamara ar na h-oileanaibh buideil poitín fhágail i n-áit ecínte go bfeadfaid na daoine a go mbeadh píosa fada le dul abhaile aca a thabhair leo. Ní bhiodh sé ceart ag muinntear(leanann ar an chéad leathanach eile)