Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 243
- XML “Scéal faoi Thaibhsí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá teach i mBaile Ui hÉil, Ath Cinn, le fear a b'ainm do Mícheal Con Liusg. Maireann Micheal fós; tá sé bardáil ar aois a leith ceidh.Suas le ceithre scór bladhain o shoin bhí athair Mhicil sa teach. Bhí athair athar Mhicil, sean athair Mhicil óg go leor an t-am sin agus clann óg aige an t-am sin.Oidhche amhain bhí duine do na comharsana ag dul abhaile deireanach san oidhche agus thainic sé i ngar do thige Mhic Ui Loinlisg. Chonnaice sé duine ecínte mar cheap sé ag an doras taobh 'muigh de'n tíghe. Sheas sé annsin isgáth an bhalla mar smuain sé go mba aisteach an rud é dune a bheith in a sheasamh i n-aice an dorais agus muinntir an tíghe in a gcodladh. Thug sé fa deara freisin go raibh an doras foscalta agus bhí duine ecínte isthig ag cainnt leis an bhfear a bhí taobh amuigh. Ní raibh solus sa teach agus ní fhaca an comhursa an duine a bhí istigh acht bhí a fhios aige gur bean a bhí ann i ngeall ar a guth. Labhair an bhean annsin abhí istigh agus dubhairt sí leis a bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)