Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear do b'ainm dó Seán Ó Máille 'na chomhnaidhe ar an Learagan, Roscathail, Co. na Gaillimhe tráth. Seán Mór na Creige thugadh na daoine air go hiondúil. Fear mór cumasach laidir a bhí ann. Ní raibh cur síos na teora le na chuid nirt, cé nach raibh sé i riocht an neart a cur i gníomh go maith. Sé an chaoi a raibh sé an-laidir gan a bheith stuama.Lá a raibh bainfeis san áit thainic Raifterí. Sul a raibh an oidhche thart chuaidh sé ag caraidheacht le Seán Mór. Leis an gcead craitheadh a thug sé do Sheán chuir sé ar a leath gluin é. D'eirigh Sean agus rug sé ar Rafterí, agus leis an craitheadh thug sé dó leag sé ar an talamh é.Ar eirge dóibh dubhairt an Reachtabhrac " Tá mé ag dul amú nil sé Seán Mór na Creige a bhí ag caraigheacht liom. Dá mbeadh a fhios agam ar dtus gur bé bhí ann bheadh faitcios orm bacadh leis, tá sgeul a nirt i mbeul gach aoinne "D'freagair Seán é "Dá mbeadh a fhios agam-sa " ar seisean " gur bé Rafterí an File a bhí ag caraidheacht liom ní leagfainn lámh air. Ta an oiread sin measa agam ar a cheol agus ar a chuid filiochta. "Chaith Rafterí an oidhche ag an mbainreis ag seinnm ceóil don comhluadar.