Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 194
- XML “An Bheirt Fhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí an bheirt seo beo bhí siad ar aon teorainn amháin agus bhiodh siad ag troid le ceile i gcomhnaidhe agus ag goid an cré ó na ceile. Cuireadh an pianós ceadna ortha nuair a cailleadh iad - a bheith ag caitheadh cré ar a cheile go dtí lá an lúain.D'innis an seanfhear do freisin gurb iad a dha phaisde féin a cailleadh roimhe sin a raibh sé na chodladh leo an oidhche sin.Dubhairt an fear óg leis annsin go raibh sé i nám aige casad airíst go bhfeicfeadh sé a athair. D'fiafruigh an seanfhear de a raibh a fhios aige cá fhaid ó d'fhág sé an baile agus dubhairt an fear óg nach raibh a fhios aige - - cupla lá bfeidir. Dubhairt an seanfhear leis go raibh os cionn ceud go leith bladhain ó d'fhág sé teach a athar. Comhairluigh sé dó a dhul abhaile agus go bfeicfeadh sé a athair sa seipéal.D'imthigh an fear óg abhaile agus níor stad sé gur shrois sé an seipeal i nám Aifrinn. Chuaidh sé isteach agus chuaidh sé ar a dhá ghluin i n-aice na h-altóra. Ní tuísce(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Aindriú Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe