Scoil: Dromlachan

Suíomh:
An Sonnach Mór, Co. Liatroma
Múinteoir:
Peadar Mac Giolla Choinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0221, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0221, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dromlachan
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Caoineadh Imeacht na Sióg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caoineadh Imtheachta na Sidheog

    (I)
    Go doimhin fa'n gcaonach 's fa'n droighneán
    Sa dún glas 'ta lomnocht is fuar
    Gan a bhfeiceál go deo ag ár gcineadh
    Tá ár gcás-ne go brónach monúir
    Do b'fearr leobsan cúrsaí san allód
    Ná an saoghal seo 'ta againn indiú
    Is ghluais nuair a tháinig an t-athrú
    Ní mhaireóchaidís linn san aois nua.

    (II)
    Mo bhróin ghéir nar mhaireas na n-aimsir
    Bheith páirteach 'na gcleasaí is' na ngleo,
    Fá lán t-seol ar chapall na sidheóg
    Go cathracha Spáinne gan cheó (1)
    Nó bféidir go Droichead Mór Lonndain
    Ar dhruim an laogh bháin tugadh dom
    Le'm chaipín dearg cruinn ar mo chloigeann
    Acht gan slán-fhocail dhiamhair im cheann (2)

    (III)
    Bheith ag rásaí na gcapall i bhFá-Choill (3)
    Nó ar aonach na sidheog i gCluain (4)
    Mé fhéinneach dheanfas an margad
    Ag an tom aoinraic uaigneach sa chlúid
    Is gheobhadh-sa eolas ar ghalar (5)
    Bhuail an bhó ag ingeilt sa Dún
    A casadh ar sluaightibh i gcomhlann
    Is d'éág as ucht saighde na mbuan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    P. Mac Giolla Choinnigh