Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 217
- XML “Sióga”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh aoinne ar an dtráig an oidhche sin agus droch rud neamh shaoghalta a bhí a d'iarraidh é mharbhú. Do theith sé agus b'éigin do a mhaicín do iomchuir ar a dhrom chun a gcosa do bhreith saor abhaile leó ón sprid a bhí ar a dtóir. Ní rabhadar ach istig sa chistin agus an dorus iadhta acu nuair a buaileadh an doras go fíochmhar agus gur caitheadh isteach ar an úrlár 'na smidiríní é.Is amhlaidh nár fhéad an capall dul treasna na h-abhann agus chaith sé an timcheall do thógaint ó thuaidh go dtí an Eaglais d'fhonn teacht ortha. Ba mhaith an bhail ar an mbeirt é mar do mharbhóchadh an capall iad.
(gan teideal)
“Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion.”
Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion. Ar maidin go moch chuaidh sé roimh eirighe gréine ag faire agus cad a chídfeadh sé ach an girrfhiadh ag crú na bó roimis. Chuir sé an madra'na diaidh agus rug sé ar an ngirrfiadh thiar ag Gleann-giorráin -Ghiub. Nuair a shrois an fear an áit, cé bheadh ann in ionaid an girrfiadhthe ach bean agus í ag tabhairt fola t'réis an stracadh a thug an madra di . D'aithin an fear í- comharsadho a b'eadh í - agus d'iarr sí trócaire air. Leig sé leithe an turas san agus níor tháinig sí ag crú na bó go deo airís. Is amhlaidh a bhíodh an bhean seo ag crú na bó agus í i bhfuirm girrfiadhthe tré chómhacht draoidheachta.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Brosnacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí