School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 217
- XML “Sióga”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh aoinne ar an dtráig an oidhche sin agus droch rud neamh shaoghalta a bhí a d'iarraidh é mharbhú. Do theith sé agus b'éigin do a mhaicín do iomchuir ar a dhrom chun a gcosa do bhreith saor abhaile leó ón sprid a bhí ar a dtóir. Ní rabhadar ach istig sa chistin agus an dorus iadhta acu nuair a buaileadh an doras go fíochmhar agus gur caitheadh isteach ar an úrlár 'na smidiríní é.Is amhlaidh nár fhéad an capall dul treasna na h-abhann agus chaith sé an timcheall do thógaint ó thuaidh go dtí an Eaglais d'fhonn teacht ortha. Ba mhaith an bhail ar an mbeirt é mar do mharbhóchadh an capall iad.
(no title)
“Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion.”
Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion. Ar maidin go moch chuaidh sé roimh eirighe gréine ag faire agus cad a chídfeadh sé ach an girrfhiadh ag crú na bó roimis. Chuir sé an madra'na diaidh agus rug sé ar an ngirrfiadh thiar ag Gleann-giorráin -Ghiub. Nuair a shrois an fear an áit, cé bheadh ann in ionaid an girrfiadhthe ach bean agus í ag tabhairt fola t'réis an stracadh a thug an madra di . D'aithin an fear í- comharsadho a b'eadh í - agus d'iarr sí trócaire air. Leig sé leithe an turas san agus níor tháinig sí ag crú na bó go deo airís. Is amhlaidh a bhíodh an bhean seo ag crú na bó agus í i bhfuirm girrfiadhthe tré chómhacht draoidheachta.- Informant
- Micheál Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry