Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 233
- XML “Scéal Grinn Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhein an tailliúir an rud céadna leis sin.
An triomhadh oidhche tháinig fathach airís agus d'fiafruig sé de'n tailliúir ar mhairbh sé a bheirt driothár. Dubhairt an tailliúir gur mhairbh agus go mharbhóchadh sé é féin leis. Dubhairt an fathach leis gan é mharbhú in aon chor ach teacht leis go dtí a thig.Nuair a shroiseadar an tig bhí máthair an fhathaig ann rómpa. Dubhairt an fathach gurbh é seo an fear a mhairbh a bheirt driothár. Ní chreidfeadh an mháthair go raibh aon neart sa tailliúir. Dubhairt sí - "An duine a íosfaidh an chuid is mó sin é an duine is treise." Chuir sí síos corcán mór leitean. An fhaid a bhí sé á bheiriú fuair an tailliúr mála beag agus chuir laistig d'á léine é. Nuair a bhí an leite ullamh thosnuigheadar ag ithe. Bhí an tailliúr ag cur an leitean go léir isteach sa mhála.Nuair a bhí an mála lán sháidh sé scian ann agus scaoil amach é go léir agus thosnuig sé ag ithe airís. D'fiafruig sé de'n bhfhathach a bhféadfadh sé féin é sin a dhéanamh agus dubhairt go bhfhéadfadh. Do sháidh an fathach scian ann féin agus leig sé amach gach aon rud, ach má seadh fuair sé bás láithreach. Do theastuig ó mháthair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Nunáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí