School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 233
- XML “Scéal Grinn Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhein an tailliúir an rud céadna leis sin.
An triomhadh oidhche tháinig fathach airís agus d'fiafruig sé de'n tailliúir ar mhairbh sé a bheirt driothár. Dubhairt an tailliúir gur mhairbh agus go mharbhóchadh sé é féin leis. Dubhairt an fathach leis gan é mharbhú in aon chor ach teacht leis go dtí a thig.Nuair a shroiseadar an tig bhí máthair an fhathaig ann rómpa. Dubhairt an fathach gurbh é seo an fear a mhairbh a bheirt driothár. Ní chreidfeadh an mháthair go raibh aon neart sa tailliúir. Dubhairt sí - "An duine a íosfaidh an chuid is mó sin é an duine is treise." Chuir sí síos corcán mór leitean. An fhaid a bhí sé á bheiriú fuair an tailliúr mála beag agus chuir laistig d'á léine é. Nuair a bhí an leite ullamh thosnuigheadar ag ithe. Bhí an tailliúr ag cur an leitean go léir isteach sa mhála.Nuair a bhí an mála lán sháidh sé scian ann agus scaoil amach é go léir agus thosnuig sé ag ithe airís. D'fiafruig sé de'n bhfhathach a bhféadfadh sé féin é sin a dhéanamh agus dubhairt go bhfhéadfadh. Do sháidh an fathach scian ann féin agus leig sé amach gach aon rud, ach má seadh fuair sé bás láithreach. Do theastuig ó mháthair(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Nunáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry