School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 245
- XML “Scéal - Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thiar im'thigse chomh maith agus d'fhéadfadh a bheith agus b'shin iarlais a bhí anso 'na ionad. Ghluaiseadar in éinfeacht leis agus is ortha a bhí an t-iongantas nuair chonnaiceadar 'na sláinte í. Do gheobhadh sé le pósadh í ach do thug sé d'á dhriotháir í. D'imthigh sé féin go Sasana agus i gceann tamaill do phós sé bean uasal a thuit i ngrádh leis. Bhí sé lán d'airgead anois ach bhuail dream imeartha leis agus d'fhágadar fuar dealbh é.
Ba leasc leis anois aghaidh a thabhairt ar a mhnaoi agus a chuid airgid go léir caillte aige. Bhuail sé leis abhaile go dtí na thig féin in Éirinn agus é cráidhte céasta. Nuair ná raibh sé ag filleadh abhaile chúiche chuaidh a bhean ar a thuairisc agus sa deire fuair sí amach é. Ní mór an meas a bhí ar an bhfear bocht ag a mhuinntir féin um an dtaca so, ach is amhlaidh a bhí sé 'na mhaidrín láithíghe acu. Thug a bhean suas sa tseomra é agus chuir culaith breágh éadaigh air. "An leatsa anois é" ar sise le na mháthair. "Is liom," ar sise. "Níorbh leat in aon chor ó chianaibh é agus is leat anois é" ar sise, agus d'imthigheadar leo abhaile go dtí na dtig féin i Sasana.- Collector
- Pádruig Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 19
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Builéir
- Gender
- Male
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry