Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 261
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)birdeóga do dhéanamh do bheirbhíghdis na tuigí ar dtúis agus do scúbhaidís an craiceann díobh. Bhídis chómh bán le sneachta ansan. Do shníomhaidís ansan na tuigí ag ba dheas iad na ciseáin a dheineadh daoine slachtmhara.Cliabhanna:
Cuirtear tuigí teagartha 'na sheasamh (sáidhte) ar an bpáirc agus dheintear iad do oibriú isteach 's amach le tuigí tanuidhe. Cuirtear tuigí téagartha treasna bun an chléibh. Bíonn téadán ar an gcléibh ionnus go bhfeadfá cliabh móna no cabáiste do thabhairt ar do dhrom. Deintear fós ins an áit seo na birdeóga agus cliabhanna.Potaí Gliomach:
Na h-iascairí féin a dheineann iad de thuigí agus sliotharnaigh. Cuma cruinn ar na potaí seo. Fágtar pasáiste caol ar bharr an phota i dtreo is go raghadh an gliomach isteach agus ná féadfadh sé teacht amach. Sníomh:
Do bhíodh túirne ins gach tig caogadh bliain ó shoin, agus tá fo cheann fós le feiscint.
'Siad so cuideanna an túirne:-- an roth, bannda, sreang, an ceap, an tromán, an mol, an gad, an bháideóg, an slinneán, agus an fearsaid.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí