Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do dheineadh na daoine a gcuid snáithín olna féin. Do mheascaidís olann bán agus dubh agus ansan dheinidís é do chárdáil, i.e. é do tharrac as a chéile chun é dhéanamh mín. Dheinidís riléithí (rolls) de agus ansan do shniomhaidís é leis an dtúirne - snáithín ansan acu. Do dheinidís an snáithín do dhúbailt agus do chasadh go maith chun stocai do dhéanamh de. Bhíodh na stocaí san abhfad nios buaine ná aon stoca a cheannóchfá sa tsiopa.
    Plainnín:
    Dheinidís an plainnín as chuid de'n tsnáithín , ach ní dhúblaighdís in aon chor é. Dheinidis ceirtlíní móra de'n tsnáithín agus ba mór ages na mnáibh an lá go mbídís 'á dheilbh. Bhíodh cúig nó sé tairrngí ar dhá cheann de'n bhfalla céadna, agus do thomhaisidís an snáithín amach ó thairrge go tairrge go dtí go mbíodh go leór snaithín ann do faid an piosa phlainnín. B'éigin dóibh an meadhchtaint céadna de'n tsnáithín bheith acu chun na snaithíní do chur treasna ar an bpíosa phlainnín.
    Ansan do thugaidís na ceirtlíní móra san go dtí an figheadóir agus b'shin é an fear a dheineadh an plainnín dóibh. Bhí figheadóirí go h-ana fhlúirseach an uair úd, ach níl aoinne amháin anso anois agus é sin leath diomhaoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí