School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 261
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)birdeóga do dhéanamh do bheirbhíghdis na tuigí ar dtúis agus do scúbhaidís an craiceann díobh. Bhídis chómh bán le sneachta ansan. Do shníomhaidís ansan na tuigí ag ba dheas iad na ciseáin a dheineadh daoine slachtmhara.Cliabhanna:
Cuirtear tuigí teagartha 'na sheasamh (sáidhte) ar an bpáirc agus dheintear iad do oibriú isteach 's amach le tuigí tanuidhe. Cuirtear tuigí téagartha treasna bun an chléibh. Bíonn téadán ar an gcléibh ionnus go bhfeadfá cliabh móna no cabáiste do thabhairt ar do dhrom. Deintear fós ins an áit seo na birdeóga agus cliabhanna.Potaí Gliomach:
Na h-iascairí féin a dheineann iad de thuigí agus sliotharnaigh. Cuma cruinn ar na potaí seo. Fágtar pasáiste caol ar bharr an phota i dtreo is go raghadh an gliomach isteach agus ná féadfadh sé teacht amach. Sníomh:
Do bhíodh túirne ins gach tig caogadh bliain ó shoin, agus tá fo cheann fós le feiscint.
'Siad so cuideanna an túirne:-- an roth, bannda, sreang, an ceap, an tromán, an mol, an gad, an bháideóg, an slinneán, agus an fearsaid.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry