School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 262
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do dheineadh na daoine a gcuid snáithín olna féin. Do mheascaidís olann bán agus dubh agus ansan dheinidís é do chárdáil, i.e. é do tharrac as a chéile chun é dhéanamh mín. Dheinidís riléithí (rolls) de agus ansan do shniomhaidís é leis an dtúirne - snáithín ansan acu. Do dheinidís an snáithín do dhúbailt agus do chasadh go maith chun stocai do dhéanamh de. Bhíodh na stocaí san abhfad nios buaine ná aon stoca a cheannóchfá sa tsiopa.Plainnín:
Dheinidís an plainnín as chuid de'n tsnáithín , ach ní dhúblaighdís in aon chor é. Dheinidis ceirtlíní móra de'n tsnáithín agus ba mór ages na mnáibh an lá go mbídís 'á dheilbh. Bhíodh cúig nó sé tairrngí ar dhá cheann de'n bhfalla céadna, agus do thomhaisidís an snáithín amach ó thairrge go tairrge go dtí go mbíodh go leór snaithín ann do faid an piosa phlainnín. B'éigin dóibh an meadhchtaint céadna de'n tsnáithín bheith acu chun na snaithíní do chur treasna ar an bpíosa phlainnín.
Ansan do thugaidís na ceirtlíní móra san go dtí an figheadóir agus b'shin é an fear a dheineadh an plainnín dóibh. Bhí figheadóirí go h-ana fhlúirseach an uair úd, ach níl aoinne amháin anso anois agus é sin leath diomhaoin.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry