Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 274
- XML “Seanphaidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a theigheadh sean daoine chun turas naomhtha a thabhairtdeiridís an phaidir seo ar dtúis:-Dia's Muire duit a Mhaighdin Naomhtha,
Beannuighimse duitse fá mar a bheannuigheann an saoghalduit,
Is chughatsa a thána ag gearán mo phéin duit
Agus a d'iarraidh mo leighis ag ionghantais Dé ort.
Deireadh na seandaoine paidreacha áirithe leis an gCoróinn Mhuire ar na laetheannta féile:-Coróinn Mhicíl, lá 'le Michil :-
Ag tosnú na Corónach deirtí:-
"A Íosa, Mhuire agus a Mhichíl fóir orainn
(freagra) A Íosa, a cheannuig sinn, beannuig sinn, dein trócaire orainn".Sar a dtosnuightí ar gach deichneabhar do rádh, deirtí
"Tair a Mhichíl agus glac mo lámh,
Dein mo shíothcháin le Mac De.
Má tá aon annsprid ar mo thaobh
Cuirim Críost idir mé agus é."Dubhairt Brighid Bean Uí Shuilleabháin go raibh mórán sean phaidreacha ag a máthair atá caillte le fada, ach go bhfuil siad go léir imthighthe as a cuimhne anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí