Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 275
- XML “Seanphaidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do thug Eibhlín, Bean Uí Shuilleabháin na paidreacha seo leanas--Baintreabhac 'seadh í. 80 bliain d'aois. Comhnuigheann sí ar an Mináird Thoir, Abha-na-scáil, Co. Chiarraidhe.1: Míle fáilte romhat a Dhomhnaig Bheannuighthe,
Thug saor sinn t'réis na seachtmhaine,
Lúthaidh mo chos go luath chun Aifrinn,
Oscail mo bhéal chun do bhréithre bheannuighthe ,
Ós tú is fearr do cheannuig sinn
Da'r leat beo agus marbh sinn.
2: An phaidir seo do rádh an chéad lá de'n bhliain nuadh:-"Úrnaithe a múineadh im' leanbh dom féin
Im' dhúiseacht fá dhúthracht trí ghairm na n-éan,
Mo ghlúine a leigint i ngachairt chun Dé
Bhur mhic ag sileadh as do ghéag.
A Rí na n-Aingeal , na n-Asbol, na bhfháige gcliar,
Íosa baisteadh id' leanbh an t-áireamh bliain,
Íosa tá mo lorg ort,
Athair na ngrást tá fial,
Déin trócaire ar m'anam agus maith dhom ar dhéarnas riamh. 3: Coróinn Michíl Naomhtha: (Fá mar a thug Brighid Bean Uí Shuilleabháin é.)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí