School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 274
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a theigheadh sean daoine chun turas naomhtha a thabhairtdeiridís an phaidir seo ar dtúis:-Dia's Muire duit a Mhaighdin Naomhtha,
Beannuighimse duitse fá mar a bheannuigheann an saoghalduit,
Is chughatsa a thána ag gearán mo phéin duit
Agus a d'iarraidh mo leighis ag ionghantais Dé ort.
Deireadh na seandaoine paidreacha áirithe leis an gCoróinn Mhuire ar na laetheannta féile:-Coróinn Mhicíl, lá 'le Michil :-
Ag tosnú na Corónach deirtí:-
"A Íosa, Mhuire agus a Mhichíl fóir orainn
(freagra) A Íosa, a cheannuig sinn, beannuig sinn, dein trócaire orainn".Sar a dtosnuightí ar gach deichneabhar do rádh, deirtí
"Tair a Mhichíl agus glac mo lámh,
Dein mo shíothcháin le Mac De.
Má tá aon annsprid ar mo thaobh
Cuirim Críost idir mé agus é."Dubhairt Brighid Bean Uí Shuilleabháin go raibh mórán sean phaidreacha ag a máthair atá caillte le fada, ach go bhfuil siad go léir imthighthe as a cuimhne anois.(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry