School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 275
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do thug Eibhlín, Bean Uí Shuilleabháin na paidreacha seo leanas--Baintreabhac 'seadh í. 80 bliain d'aois. Comhnuigheann sí ar an Mináird Thoir, Abha-na-scáil, Co. Chiarraidhe.1: Míle fáilte romhat a Dhomhnaig Bheannuighthe,
Thug saor sinn t'réis na seachtmhaine,
Lúthaidh mo chos go luath chun Aifrinn,
Oscail mo bhéal chun do bhréithre bheannuighthe ,
Ós tú is fearr do cheannuig sinn
Da'r leat beo agus marbh sinn.
2: An phaidir seo do rádh an chéad lá de'n bhliain nuadh:-"Úrnaithe a múineadh im' leanbh dom féin
Im' dhúiseacht fá dhúthracht trí ghairm na n-éan,
Mo ghlúine a leigint i ngachairt chun Dé
Bhur mhic ag sileadh as do ghéag.
A Rí na n-Aingeal , na n-Asbol, na bhfháige gcliar,
Íosa baisteadh id' leanbh an t-áireamh bliain,
Íosa tá mo lorg ort,
Athair na ngrást tá fial,
Déin trócaire ar m'anam agus maith dhom ar dhéarnas riamh. 3: Coróinn Michíl Naomhtha: (Fá mar a thug Brighid Bean Uí Shuilleabháin é.)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry