Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 002
- XML “Bealoideas - ón dTír Uachtarach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 2/ Bealoideas - ón “dTír” - ar leanamhaint
Seanduine de mhuinntir Fín - (Eoghan ó Ghabha)
an leas-ainm a bhí air, a chómhnuig ar an dtír, bparóiste Bhreanndáin do dhein an tabhrán so, agus é ’na Sheanduine aosta - 75 bliana. Bhí sé fuar dealbh san am so, mar ’neósann sé dhúinn san amhrán.
Do cailleadh a bhean aga beag roimh an amhrán do cheapadh dho, agus bhí a ingean (Cáit) imithe go h-America. Is ar Cháit a bhí sheasamh i naghaidh an Chruadhtain a bhí ag bagairt air: [fonn = Jimmy mo mhíle stór]
Tá smúit ’s brón ar m’intinn, ar mo chroidhe
’stig agus ar m’aigne féin
I gCoimín na Tiorach faríor iseadh táim-se
am aon
Nuair a dhúisighim san oidhthe bím a smaoneamh
sa machtnamh liom féin
Go bhfuil mo grádh sínte thíos a gCill Sheanaigh
ó réir.
II
D’fhág Cáit annsúd me go dúbhach gan duine
‘gam sa t-saoghal,
Do sheól sí ar bórd árthuig le fán is le fairsing
an lae.
Do seóladh anonn í mar a dtéigheann dúthaig
an Daingin go léir,
Is ní thiocfaidh sí chúgam-sa le h-aon chúnntas an fhaidh
a mhairfead-sa féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)