Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 77/
Fadó do bhí triúr driothar ag maireachtaint le na chéile in aon tig amháin, agus bhíodar chomh bochtsan go rabhadar nach mór a'fagháil bháis leis an ocras.
Bhí bean uasal, a bhí ana shaidhbir a’ maireachtaint sa chomharsanacht, agus bhí mórán caorach ’s stoc aici sin.
Aon oidhche amháin agus triúr a’ dul a choladh ’na dtroscadh, dubhairt an driotháir ab óige gur bhí an oidhche deireanach aca í a’ dul a choladh ’na droscadh agus go mbainfeadh sé féin triail as ma smaointe a bhí a déanamh buartha dho le tamall anuas. Do phreab sé amach as an leabaidh agus seo chun siubhail é, agus níor bh’fada imithe é go tháinig sé agus caora bhreag ramhar ar a dhrom aige. Dubhairt sé le na dhriotháracha bheith na suidhe, agus níor bhfada go raibh sí rúnach le n-ithe ag an dtriúr.
Bhí an scéal mar sin aca ar feadh tamaill. Gach am nuair bhuaileadh an t-ocras iad, théigheadh an driotháir óg amach agus thugadh sé leis caora bhreagh ramhar abhaile.
Taréis an tríomhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Fin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15