Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 120](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_120.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 120
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 120
- XML “Paidir - Ag Cuimhneamh ar an mBás duit”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir:
Ag cuimhneamh ar an mbás duit abair: ‘A Mhichíl Naomhtha, glaodhaim ar t-ainm
Uain Naomhtha bastuighthe, grádhaim thú
A Naoimh an Domhain tagúidh i gcoinnib m’anama
I n aimsir an Chátha nár tháinig [?]
Nuair a bheidh mo shúile á ndúnadh, ’s
Mo bhéal ar leathadh ’gam
’S mo mheabhair ag imtheacht chun fáin uaim
Mo cheisteanna á nglaodhach
’S mo léas dhá stracadh
Dia mór le’m anam an lá úd.Maire [?] Mhuircheartaig, 52 bl.- Faisnéiseoir
- Máire bean Uí Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
(gan teideal)
“Bú! Bú! arsa an bó.”
Bú! Bú! arsa an bhó
Agus í ag gabháilt
tre Cham a' Cheóig
Eighneán milis leabaidh chluthmhair
Faill' na bPórt
Faill a' t-Sáis, Coimín na gCnámh
Gearán Ceóil, 's Cnoc Bhréanáin bhreagh.Áiteanna 'na gcuirfaí bláthas ar an mboin; san Leith Triúch.