Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 129
- XML “An Bhaintreach agus an Fathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhair ar "Thaobh an Chnuic" fadó baintreabhach mná gur cailleadh a céile go h-óg. Deirtear go raibh súil corruighthe aici agus gur dá dheascaibh sin do cailleadh a fear féin chómh h-óg. Bhí aon mhac amháin aici agus "duine bocht le Dia" dob eadh é. Bhíodh sí a tuilleamh pinginní le na torn[?] - bean amhrais do b'eadh í agus dhíoladh sí cuid mhaith den olann nuair bhí a lán caorach ar an gcnoc aca.
Do chuireadh sí an mac ar an margadh leis an olann nuair bhíodh sí á dhíol. Uaireannta thugadh sé abhaile leis an t-airgead go cruinn baileach, ach uaireannta eile dheineadh sé é scaipeadh ar chóip na sráide. Lá amháin bhí sé a dul an Daingean le mála mór olna. Díreach agus é ag gabháil tre Cham Caoch siar bóthair a' Chonair, do fhliuchaidh an lá agus ba gheárr go raibh cioth mór agus fearthainn go leór ann. Chuaidh sé isteach fé scáth chairrge ó'n gcroth[?], agus seo leis ag bog-amhrán do féin agus ag scríobadh 'sa raobadh na talmhan fé na chosaibh. Ba gheárr gur thug sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bric
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bric
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80