Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “An Fear a Fuair an Dá Chomhairle”
  4. XML “Guistí - Conchúbharach an Mhachaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Guistí" - Conchúbharach an Mhachaire
    I.
    Raghadsa an Daingean amáireach ‘s ní miste de chách mo shiubhal.
    Níl ór buidhe agam ar phláta, ‘s gan uisce ní snámhann a long.
    Níl a thuille le rádh ‘gam ach fairsing’ ‘s fán am shiubhal.
    ’S ca bhfios le Muire nár bhfearr mé ná fear ’s na táinte púnt (sic).
    II.
    Raghad-sa ’s mo Chití bháilcéireacht ar imeall na dumhaiche ó thuaidh
    Mar a mbíonn na h-ainnir go gléasta ’s mar thagann na h-éin chun suain
    Mar a mbíonn an nead ag an naoscach, ’s an faoileán ag éigeamh sa chuan
    Agus mise a guidheachtain chun Dé Ghil Solus an lae bhreith uaim.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. O Loingsig
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Ríoghbhardáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73