Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 117
- XML “Tosach Bord agus Binse an Iúistís”
- XML “Comharthaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)117/
a bíodar a dhéanamh ar Chorcuig do shuidheadar síos ar cliathán an bóthair ag ithe blúire bíd dóibhh féin. Tháinig príochán ó’s a gcionn anáirde agus scaoil sé a shalachar anuas ar hata Sheáin. Tháinig fear ar an bhfód agus d’fhiafruidh sé dhe a n-dhíolfadh sé a seans. Dúbhairt Seán na díolfadh. Nuair a chuadar ar bórd an árthuig tháinig príochan eile ó’s cionn Sheáin agus scaoil sé anuas sparán mór airgid chuige.
Nuair a chuadar i dtír i gCeanadá, do shocruigheadar síos chun Seirbhís. D’eirig le Seán bheith na Iúistís, agus annsan bhí tosach bórd ’s binnse aige.”Máire Ní Leighin 55 bl. a chualaidh ón a hathair ní maireann. - Comharthaí:
Droch-chomhartha ar an mbliain beadh na neoiníní do bheith amuigh ró-luath.Piseoga: Níl sé ceart aon rud do thógaint amach as roilig, agus ní ceart gan teacht amach an áit nó an slighe ’ar ghabhais isteach.
“Ná déin lomadh Dia Luain, má’s maith leat bheith buan.”
“Ná bíodh aistriú an Aoine ó tuaidh ort, ná aistriú an luain ó dheas.”
“Deineann gach moch a ghnó.”
“Foghail an bhodaig taréis na foghla."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Leighin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55