Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 153
- XML “An Mada Rua agus an Bairneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá breagh Samhraidh thiar ar Gleann a' t-Sáis ar bhruach ná fairrge, do bhí fear na luighe lá. Bhí an uain go h-aoibhinn, agus bhí sé a' feuchaint amach thar dhruim na (?) fairrge ar a shuaimhneas. Níor bhfada go bhfeaca sé Mada Ruadh agus é ar ghuardal ar an gcladach thíos, a d'iarraidh rud éicint do fhagháíl le n-ithe. Chonnaic sé é a' deanamh ar bhairneachaibh a bhí go flúirseach ar na carraigreachaibh. Níor bhfada gur chuala sé an t-ologón agus an lógóireacht. D'feuch sé síos. Cad a bheadh ná an Mada Ruadh greamuighthe ag báirneach, ag a theangain. Do chuaidh sé síos féuchaint a raibh an scéal fíor dréír feiscint na súl agus am basa bhí. D'fhág sé ann'san é agus níór chuaidh sé abhaile go dtí go bhfeaca sé an taoide á bháthadh.
- Faisnéiseoir
- Mici Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67