Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 011
- XML (gan teideal)
- XML “Báisteach”
- XML “Creideamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do chuarduig sé an Ceapaig, Cluain Searrach.”
11/168 An fear céadna - do Phea[i]dí Ceallacháin ‘s dá mhnaoí “Cit leandí” - a bhí a troid le na chéile lá. Bhí eagal ar “Cit” roim[h] Pheaidí, agus theith sí uaidh an lá so. Níor tháinig sí abhaile an oidhche sin, ná amáireach, ná a’monathar [?]; agus do bhris ar an bhfoig[h]ne ag Peaidí ar deire ‘s chuaidh sé á lorg. Nuair chualaidh “Micí” an Scéal, chum sé an rann beag so dhóibh:
Do chuarduig sé an Ceapaig Cluain Searrach
‘S tuatha na Tíorach
Tighthe an lisín, ‘s as san go dtí an Srón
‘S nuair tháinig sé abhaile cá mbeadh sí
ach sínte
‘s í a lorg a tíghisig ar an gCarraig Fé Bhrón.
[Ainmeacha bailtí atá ar an gceanntar so, iad so go léir.]- ***
Báisteach:
Spéir dhearg thoir, go luath ar maidin, ana chómhartha báistidhe.
S. Mac Gearailt- Faisnéiseoir
- S. Mac Gearailt
- ***
Creideamh:
Fadó nuair bhí cainnt ag na h-ainmhidht[h]e, deireadh na Muca gur dath dearg a bhí ar an ngaoith.
S. Mac Gearailt