Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ar an "gCé" fadó, "Maire Sheamuis" - áintín do "Mhici Sheamuis," a mhaireann go láídir fos, 'na phinsinéir 75 bliana, -do bheadh í. Bhíodh "bean siubhail" ag fanacht sa tig anois 's arís aici. Lá amháin chuaidh Máíre chómh fada le Clochán a d'iarraidh teachtaireacht éícint, agus nuair a bhí sí a teacht abhaile do tharla ciot trom báistighe agus í díeach ag "Gleann-guirt-a' tSagairt." Tá cros-bhóthar annsan agus é leath slighe idir Chlochán agus an Cé, agus bhí droch-ainm riamh ar an áit mar gheall ar na púcaí.Cé bhuailfeadh léithi annsan, ná an "bhean siubhail," agus ó'n uair go raibh an uain chómh h-olc san, chuadar araon fé scáth tuir, ó'n bhfearthainn, a bhí ar taobh an bhóthair. Ní fada bhíodar cromtha fe'n dtor nó gur thairrig an "bhean siubhail" a píp chúichi agus tar éis í dheargadh, do sín sé chun Máire í. Do ghlac Máire an phíp, agus do thairrig uirthi go raibh sí dubh aici, mar deirtear go raibh an diabhal de shúil ag Máire i dtobac;(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Nóra Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cheapaigh, Co. Chiarraí