Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 116
- XML “Muintir Sheaghdha”
- XML “Tosach Bord agus Binse an Iúistís”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn dochme ag daoine roim éinne de'n sloinne sin "Seaghdha" do bheith istig leotha ag iascach, nó ar an bhfairrge in-aic' chor leotha. Bíonn eagla a mbáidte ortha dá mbeadh aon "Seaghdha" na measc. Deirtear gur thuit eascainne na mBrúgach fadó ar an treibh sin.
Eogan Ó Néil, 65 bl. ón athair- Faisnéiseoir
- Eoghan Ó Néil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Tosach bórd ’s binnse an Iúistís
Bhí tighearna talmhan ann fadó, agus bhí buachaill aimsire aige darb’ainm Seán Ó Baoighill.
Do phós ingean leis an tighearna uair ach má phós níor thugad aon chuireadh ar an mbainis do Sheán.
Tar éis tamaill eile do phós ingean eile leis, agus tugadh cuireadh do bhean Sheáin an uair so. Ach má tugadh, ní thiocfadh sí sin nuair nár tugadh cuireadh do Sheán. Sé an freagra a thug sí ar theachtaire an tighearna ná
“Nár gheibhead-sa bás choidhche go mbeidh tosach bórd ’s binnse ag Seán ó Baoidhaill.”
Tar éis tamaill dhein Seán agus a bhean a n-aigne suas go raghaidís go Canadá. Cuireadar cúcha lón mór i gcóir an bhóthair, agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)