Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “An Bhean agus na Saighdiúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin do bhí feirmeóír ann agus bhí sé ana chruinn. Lá amháin dá raibh sé a' dul go dtí an aonach, dúbhairt sé le bean-a-tíghe gan aon bhraon bhainne do thabhairt d'éinne go dtiocfadh sé féín abhaile. Trathnóna chuaidh sí go dtí an pháirc ag crúdh 'na mbó, agus nuair a bhí sí a teacht abhaile do bhí triúr saighdiúirí ag an mbearnain roimpí.
    D'fhiafruigheadar di an dtabharfadh sí cupán bainne dhóíbh. Dubhairt sí leo gur thug fear-a-tíghe órdú dhi gan aon bhraon bainne do thabhairt d'éinne go dtí go dtiocfadh sé féin abhaile.
    Dúbharadar annsan léithi go dtabharfaidís rael di ar thrí chupain bhainne, agus do thug sí an bainne dhóíbh ar an rael.
    Nuair a tháinig sí abhaile bhí a fear tagaithe ó'n aonach agus d'fhiafruig sé dhi ar thug sí aon bhraon bhainne d'éínne, agus dúbhairt sí leis gur thug sí tri chupáin de triúr saighdiúirí a bhí imighthe leis an dtart. Tháinig an oiread san d'fhearg air gur bh'éigean dí imeacht as an dtig ar fad. Trathnóna agus í a' lorg ait ' istig i gcóir na h-oidhche chonnaic sí sagart a' déanamh fé na déin ar an mbóthar, agus nuair táinigh sé suas chuichi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Dúbhdha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82