Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bheidh san déanta agat, caithfir triall ar an láíthreachán annsan, agus Coróín na Marbh do rádh, agus bronntanas éicint d'fhágaint ad dhiaidh ann.Tiocfair amach annsan agus ar an dtaobh amuigh den láithreachán déarfair aon uair amháín - "Ar n-Athair," agus "Go mbeannuigtear Duit a Mhuire" (trí h-uaire) in onóír des na Naoimh.Caithfir dul síos annsan go bun na faille go dtí's na toibreacha, agus "Ar n-Athair" ad ráh (uair amhain) agus "Go mbeannuigtear Duit," (trí h-uaire), ag gach tobar - ar do ghlúinibh, ar na carraigreacha, má's féídir. Annsan tiocfair agus ólfair trí deoch uisce as gach tobar.
Buail do dhrom trí h-uaire, annsan, ar an nGalán cloice thuas ag na Lioctháin - Ná tabhair cat go bráth leat isteach
i dtig nuadh dhéanta
S. ó Bric 80 bl.Comharthaí báis duin' eicint leat. Iseadh scamhghail an ghadhair ar an nGealaigh. nó braonacha fola do bhualadh leat ar chasán nó ar an mbóthar.
S. ó Brich 80 bl.- Faisnéiseoir
- S. O Bric
- Aois
- 80