Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 114
- XML “Púcaí”
- XML “Comhartha Báistí”
- XML “Toirneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’iarradh iad do chur chun suaimhnis, agus gan aon maith dhi bheith leotha. “Faig an tsluasad dom”, arsa an táiliúir, “is cuir ar an dteine dhom í”. Bhí iongna ar an mnaoí, ach fuair sí an t-sluasad is cuir sí ar an dteine í.
Nuair a bhí sí dearg go maith, do thóg an táiliúir amach í agus thug sé seáp fé leanbhaí an chliabhaín léithi. Má dhein, do phreab amach as beirt sheanduine agus seo leo an doras amach. Agus bhí a beirt leanbh féin go suaimhneasach ar an gcliabhán na n-ionadh.
[Tomás Ó Fín, 59 bl. a chualadh ó’n athair nach maireann] - An "Bearradh Caorach" d'fheiscint trathnóna sa spéir thiar, nó an súgh a tuiteann an simné anuas, agus an cat do bheith na luige in aice na teine agus a dhrom leis an adharta aige, nó na cúirliúin a scriachaig tráthnóna.
- Núair a bhionn Toírneacha 's Splanncacha ann is ceart an madra do chur amach; an doras d'oscalt, agus clár adhmaid do chaitheamh ar an dtaobh amuigh den tearsain.
- Faisnéiseoir
- T. Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59